Ceacht scríbhneoireachta: Cuimhne chéadfach

Arna réiteach ag
Kansalaisfoorumi
Údar
Timo Harju

Is é cuspóir an cheachta seo díriú ar nóiméad amháin san am a chuaigh thart agus scríobh faoin traidisiún sa chomhthéacs sin, ionas gur féidir leat maireachtáil sa nóiméad sin agus go mothóidh an scríbhneoir agus an léitheoir/éisteoir araon an bhrí a bhain leis an taithí sin.

Conas a spreagann an ceacht an fhoghlaim bhunathraitheach: Bíonn deis ag na rannpháirtithe taithí a fháil ar ábharthacht an traidisiúin chultúrtha.

An líon rannpháirtithe is fearr: Ní miste faoin líon rannpháirtithe fad agus gur féidir leo na scríbhinní a roinnt lena chéile, ó bhéal nó i bhfoirm téacs. 

Fad: Thart ar 15 nóiméad le bheith ag scríobh.

Ábhair atá de dhíth: Páipéar agus peann.

Treoracha céim ar chéim

  1. Smaoinigh ar amantaí nuair a ghlac tú páirt i dtraidisiún ar bith.
  2. Roghnaigh nóiméad amháin.
  3. Déan cur síos ar an nóiméad sin. Cuir do chuid céadfaí uilig san áireamh sa tuairisc a scríobhfaidh tú.

Leideanna don oide: Cuir béim ar na céadfaí éagsúla go léir. Is féidir baill an ghrúpa a spreagadh chun scríobh faoi nóiméad nár thug siad chun cuimhne le fada.