Ceacht: An siombalachas a fhoghlaim
- Arna réiteach ag
- Asociatia Perseidele
- Údar
- Victoria Ghilas
Caomhnaíonn gach mír oidhreachta siombailí a léiríonn mothúcháin, smaointe agus creidimh choitianta. Bíonn eolas ar na siombailí seo agus a gcuid bríonna tábhachtach d’ealaíontóirí pobail más mian leo an ghaois sin a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile. Is léiriú é seo ar an fhiúntas a bhaineann le bheith ag obair le saineolaí oidhreachta ar bhealaí agus ag céimeanna éagsúla le linn an phróisis foghlama.
Ainm an cheachta: Siombalachas throscán péinteáilte na Sacsanach.
Modh oibre: Cur i láthair le míniú agus samplaí.
Aidhm an cheachta: Eolas a fháil ar an tsiombalachas a bhaineann leis na hornáidí agus leis an stór dathanna a úsáidtear i dtroscán péinteáilte na Sacsanach. Ní mór do rannpháirtithe na ceardlainne péintéireachta tuiscint a fháil ar a bhfuil siad ag péinteáil agus ar an bhrí atá leis patrúin a chonaic siad. Nuair a bheidh tuiscint níos fearr acu ar an tsiombalachas a bhaineann leis na cruthanna agus na dathanna, is fearr a thuigfidh siad luach oidhreachta na ceardaíochta ina hiomláine.
An líon rannpháirtithe is fearr: 10–20 rannpháirtí
Fad: 1–2 uair an chloig.
Ábhair atá de dhíth: Píosaí troscáin, 2–3 phatrún ar adhmad, clár, teimpléid ar pháipéar.
Cur síos céim ar chéim: Míníonn an t-ealaíontóir dhá phatrún faoi leith, ag tagairt do stair an troscáin phéinteáilte san Eoraip, don chaoi ar scaip tionchair stíle éagsúla ar fud na hEorpa agus an bhaint a bhí acu le stíl thraidisiúnta na Sacsanach.
Leideanna don oide: Nuair a bheidh na rannpháirtithe i ndiaidh máistreacht ar an teicníc a bhaint amach, beidh siad níos oscailte agus níos fiosraí chun eolas teoiriciúil a fhoghlaim faoi stair an traidisiúin.