Ag obair le saineolaí oidhreachta

Arna réiteach ag
Oideas Gael
Kansalaisfoorumi
Údar
Helen Diamond

Agus tú ag iarraidh cúrsaí oidhreachta a thabhairt isteach i gclár oideachais ealaíne, is fiú teagmháil a dhéanamh le duine a bhfuil saineolas acu ar an réimse oidhreachta is mian leat a fhiosrú. Sa tslí sin, is féidir leat an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe áitiúil a chothú agus a neartú agus, san am chéanna, doimhneacht agus brí a chur le do chlár oideachais.

Cineál oidhreachta a roghnú

Is é an chéad chéim sa phróiseas seo rogha a dhéanamh i dtaobh an chineáil oidhreachta gur mhaith leat a úsáid i do thionscadal. Is inmholta an rud é tosú leis na traidisiúin atá mar chuid de do phobal agus do chultúr áitiúil ar leith. An bhfuil aon ghníomhaíochtaí, nósanna, scileanna, teangacha nó míreanna eolais ann nach mbaineann ach leis an áit a bhfuil tú lonnaithe inti?

I gcás Oideas Gael roghnaigh muid an scéalaíocht—agus, go sonrach, scéalaíocht atá bunaithe ar mhiotaseolaíocht na logainmneacha agus ar an stair a bhaineann le gnéithe geografacha in áiteanna faoi leith—mar chineál oidhreachta. Seo a leanas roinnt tosca a cuireadh san áireamh agus an cineál oidhreachta áirithe seo á roghnú againn:

  • Tá sé fós á chleachtadh mar thraidisiún beo sa cheantar.
  • Gné uathúil de chultúr na hÉireann atá ann.
  • Tá sé i mbaol a chaillte taobh istigh de ghlúin eile.
  • Níl eolas forleathan air agus níl sé á chleachtadh ag mórán daoine.

Saineolaí oidhreachta a earcú

Seans gurbh fhiú iniúchadh a dhéanamh ar a mbeidh i gceist leis an téarma ‘saineolaí oidhreachta’ i gcomhthéacs do chláir. Beidh ról difriúil ag an tsaineolaí oidhreachta ag brath ar an chineál oidhreachta a roghnófar, aidhmeanna do thionscadail, agus do chomhthéacs náisiúnta agus áitiúil ar leith.

Maidir leis an treoirstaidéar Éireannach, bhí a fhios againn gur ghá dúinn duine a earcú a raibh eolas domhain acu ar an bhéaloideas. Ní raibh cáilíochtaí acadúla nó gairmiúla mar thosaíocht againn. Bheadh ár saineolaí oidhreachta ina rannpháirtí gníomhach sa chleachtas oidhreachta, ball den phobal a bhfuil stór saibhir eolais ón cheantar aige. Agus muid ag roghnú cé le dul i dteagmháil leo, thug muid tús áite d’iarrthóirí a raibh eolas luachmhar acu gurbh fhiú é a thaifeadadh agus a roinnt.

Treoirstaidéar na hÉireann

Beidh cuma dhifriúil ar an ról atá ag an tsaineolaí oidhreachta ó thionscadal go tionscadal. I dtreoirstaidéar na hÉireann, bhí an cineál ealaíne agus an cineál oidhreachta an-éagsúil óna chéile (ceol agus scéalaíocht). Cinneadh go bhfágfaí struchtúr an chláir scaoilte, agus go ndéanfaí é a chomhdhearadh leis na rannpháirtithe seachas é a phleanáil roimh ré. Mar gheall ar na tosca seo, áiríodh an saineolaí oidhreachta mar rannpháirtí sa phróiseas é féin.

Bhain na céimeanna seo a leanas lenár gcuid oibre leis an tsaineolaí oidhreachta:

  1. Cinneadh a dhéanamh maidir leis an rogha ealaíne agus maidir leis an ábhar oidhreachta (foireann an tionscadail).
  2. Plean a dhéanamh i dtaobh cur chuige chun an tionscadal a chomhdhearadh leis na rannpháirtithe (foireann agus oide ealaíne)
  3. Taighde agus rogha a dhéanamh maidir leis an tsaineolaí oidhreachta (foireann agus oide ealaíne).
  4. Cruinniú a eagrú leis an tsaineolaí oidhreachta chun an tionscadal a phlé (foireann, oide ealaíne agus saineolaí oidhreachta).
  5. Oíche eolais / oíche oscailte. Tugadh cuireadh don phobal áitiúil bualadh leis an tsaineolaí oidhreachta, leis an oide ealaíne agus le foireann an tionscadail. Spreagadh an lucht freastail le ceisteanna a chur, moltaí a dhéanamh, agus páirt a ghlacadh sa chlár.
  6. Cruinniú tosaigh. Ag an chruinniú seo d’inis an saineolaí oidhreachta dhá scéal a roghnaigh sé ar mhaithe leis an tionscadal. Bhí deis ag na rannpháirtithe éisteacht agus ceisteanna a chur.
  7. Reáchtáladh seacht gcruinniú eile ina dhiaidh sin, inar forbraíodh, inar pleanáladh agus inar cuireadh i gcrích gné cheoil an tionscadail. Bhí an saineolaí oidhreachta ann mar rannpháirtí ón staid seo ar aghaidh.

Is fiú a thabhairt faoi deara go raibh gach duine dár rannpháirtithe ina mball den phobal oidhreachta, agus go bhféadfaí breathnú ar gach duine acu mar shaineolaí oidhreachta astu féin. Dá bhrí sin, dhírigh muid ar an tsaineolas a d’fhéadfadh a bheith ag rannpháirtithe, fiú i ngach fhios dóibh féin, a tharraingt amach. Bhí súil againn go dtuigfeadh na rannpháirtithe a luach agus a ról féin mar bhaill den phobal oidhreachta, agus go dtabharfaí muinín dóibh as a gcumas féin dá thoradh sin.

Treoirstaidéar na Fionlainne

Ba mhór idir taithí na hÉireann agus an cineál ealaíne agus ceird an tsaineolaí oidhreachta i dtreoirstaidéar na Fionlainne. Ba í an scríbhneoireacht chruthaitheach an cineál ealaíne agus an ceol tíre mar ábhar oidhreachta. D’fhás an saineolaí oidhreachta Olli Seikkula aníos i mbardas Kaustinen agus d’fhoghlaim an stíl thraidisiúnta a bhain le seinm na fidle ansin. Sa bhreis ar a gcuid scileanna i dtaca le foinn thraidisiúnta a sheinm agus tobchumadh a dhéanamh ag baint úsáide as teanga thonúil ar leith Kaustinen, tá eolas mór aige ar an traidisiún agus ar na ceoltóirí a chleacht an traidisiún le blianta fada anuas.

Agus muid ag smaoineamh ar an dóigh ar chuir an ealaín liteartha agus an ceol tíre lena chéile sa treoirstaidéar, bhain tábhacht thar na bearta leis an ceol a sheinm agus éisteacht leis. Bíonn go leor féinmhachnaimh agus smaointeoireachta i gceist leis an ealaín liteartha. Bíonn sé seo i gceist go háirithe i réimsí seachas an scríbhneoireacht fhaisnéiseach, nuair a chuirtear béim ar áilleacht na bhfocal, na rithimí agus, uaireanta, an tost. Is éard atá san ealaín liteartha ná ‘machnamh ar fhocail’. Tá an baol ann nach dtarlóidh sé sin ach taobh istigh de do chloigeann féin agus gur saothar tuirsiúil a bheidh ann. Mar sin, ba mhór an rud é an deis a bheith againn éisteacht leis an tsaineolaí ag seinm ceol álainn.

Cuireadh oiliúint áirithe i dtaca leis an damhsa ar na rannpháirtithe fosta agus bhog siad leis an cheol. Ba shuntasaí agus ba chiallmhaire ar fad an plé ar bhrí iomlánaíoch na hoidhreachta cultúrtha doláimhsithe de thairbhe cleachtadh a fháil ar an rince agus ar an cheol. Rinne an ceol an scríbhneoireacht a chumasú agus cruthaíodh spás spreagúil inarbh fhéidir féinmhachnamh agus smaointeoireacht a dhéanamh. Molann an grúpa a bhain le treoirstaidéar na Fionlainne gur cheart do thionscadail eile freisin triail a bhaint as an oidhreacht a cheangal le cineálacha éagsúla ealaíon.