Oideachas éiceashóisialta ar mhaithe leis an oidhreacht agus an fholláine
- Arna réiteach ag
- University of Eastern Finland
Maidir leis an oideachas éiceashóisialta
Is cur chuige idirdhisciplíneach é an t‑oideachas éiceashóisialta a bhfuil sé mar aidhm aige domhan inbhuanaithe cothrom a chothú trí pheirspictíochtaí éiceolaíocha agus sóisialta a chomhtháthú leis an fhoghlaim. Is coincheap nua é, a tugadh isteach i gcroí-churaclaim na meánscoile san Fhionlainn, chun freagairt don ghá atá le cineál nua sibhialtachta agus foghlama a chuirfidh ar ár gcumas folláine a spreagadh laistigh de theorainneacha an aon phláinéid amháin (Laininen 2019, 17).
Déanann Arto O. Salonen & Marjatta Bardy (2015, 4) cur síos ar dhuine a bhfuil oideachas éiceashóisialta air mar dhuine a aithníonn na hidirspleáchais atá ann idir réaltachtaí éiceolaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha. Tagann na hidirspleáchais seo chun solais i riocht caidrimh éagsúla, nó i gcás sraitheanna eachtraí nó timthriallta áirithe. Mar shampla, idirghníomhaíonn an geilleagar leis an dúlra agus tarlaíonn sé sin laistigh de chaidrimh shoch-chultúrtha. Tarlaíonn an chuid is mó cineálacha gníomhaíochta daonna ar chrosbhóthar idir an éiceolaíocht, an geilleagar agus réimsí sóisialta éagsúla (Salonen & Bardy 2015, 7).
Maíonn Arto O. Salonen, i dtaispeántas sleamhnán faoina n‑alt (Heilsincí.fi. n.d.) le Marjatta Brady, gurb iad na ceithre phríomhbhealach chun smaointeoireacht éiceashóisialta a chur chun cinn ná:
- Iarracht a dhéanamh measarthacht agus leordhóthanacht a shainiú. Cad é is leor dúinn agus cad é nach leor?
- Do dhearcadh ar an fhreagracht a leathnú, rud a chiallaíonn iarracht a dhéanamh an domhan a thuiscint, ní ó dhearcadh atá dírithe ar an duine amháin, ach ó dhearcadh atá dírithe ar an éiceachóras.
- Caidrimh idirphearsanta a chothú. Trí dhíriú níos lú ar an duine féin agus a bheith níos dírithe ar an tsaol mhór, méadaítear sástacht agus laghdaítear an tábhacht a bhaineann le rudaí ábhartha.
- Smaointeoireacht chóras a fhorbairt. Chun go mbeidh geilleagar margaidh feidhmiúil ann, tá gá le faisnéis chuimsitheach ar a mbunóidh muid ár gcuid cinntí agus roghanna.
Foghlaim bhunathraitheach agus an t‑oideachas éiceashóisialta
Féachtar ar an fhoghlaim bhunathraitheach mar ghné láidir agus mar chumasóir don phróiseas sibhialtachta. Deirtear gur féidir an tsibhialtacht féin a mheas mar phróiseas foghlama bunathraitheach trína ndéantar croíluachanna (thíos) an oideachais éiceashóisialta a bheachtú ina n‑inniúlachtaí inmheánaithe (Laininen 2019, 17):
- Dearcadh domhanda sistéamach
- Freagracht
- Leordhóthanacht
- Idirphearsantacht
- Dáimh leis an dúlra
- Béim ar an todhchaí
Ó thaobh an oideachais éiceashóisialta de, tá dhá chur chuige an-spéisiúil ann i leith na foghlama bhunathraithí: cur chuige soch-fhuascailteach agus cur chuige pláinéadach. Tá an cur chuige soch-fhuascailteach fréamhaithe i smaointeoireacht Freire (1984) agus is iad na láidreachtaí a bhaineann leis an chur chuige seo ná go dtugann sé aghaidh ar fhadhbanna an tsaoil mar atá agus gurb í an aidhm atá leis dearcthaí na bhfoghlaimeoirí féin ar an réaltacht a athnuachan trí mhachnamh criticiúil agus idirphlé, rud a thugann cumhacht dóibh athrú sochaíoch a chur i bhfeidhm. Luann Laininen Taylor (2008, 8) agus í ag trácht ar mhúinteoirí a bheith níos mó mar chomhfhoghlaimeoirí agus mar “ghníomhairí ar son athraithe” in éineacht leis na daltaí sa chur chuige seo i leith na foghlama bhunathraithí (Leininen 2019, 2).
Aithníonn cur chuige pláinéadach na hidirspleáchais idir an chruinne, an domhan, an dúlra, an daonnacht agus saol an duine. Mar sin, sa bhreis ar an chomhthéacs shóisialta, breathnaítear ar dhaoine mar chuid den iomlán éiceolaíoch agus pláinéadach. Is é is aidhm don chur chuige sin foghlaim conas córais shóisialta a athchóiriú ionas go mbeidh siad níos inbhuanaithe. Tagraíonn Leininen do O'Sullivan, Morrell, and O'Connor (2002, lch. xvii) chun sainmhíniú a thabhairt ar an chur chuige phláinéadach seo i leith na foghlama bhunathraithí:
Cuimsíonn an fhoghlaim bhunathraitheach athrú domhain struchtúrach ar chreidimh, ar smaointe, ar mhothúcháin agus ar ghníomhartha. Mar thoradh air seo, déantar athnuachan ar mheabhair an duine ar bhealach a athraíonn go mór agus go buan nósanna ár mbeithe ar an domhan seo. Baineann an t‑athrú leis an tuiscint atá againn orainn féin agus ar ár n‑ionad sa domhan — an caidreamh atá againn le daoine eile agus leis an dúlra.
An t‑oideachas éiceashóisialta a nascadh leis an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe
Tá dlúthbhaint ag an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe ina hiomláine le go leor de na prionsabail chéanna a bhaineann leis an oideachas éiceashóisialta (agus a chroíluachanna thuas) agus leis an fholláine araon:
- Inbhuanaitheacht (cleachtais inbhuanaithe a bhaineann, mar shampla, leis an talmhaíocht, le caomhnú acmhainní, le córais shóisialta agus le meas ar an dúlra)
- Féiniúlachtaí cultúrtha láidre agus comhtháthú sóisialta láidir (féiniúlachtaí cultúrtha láidre a chothú agus a bheith ag obair i dtreo comhspriocanna)
- Cuir chuige iomlánaíocha i leith na folláine, lena n‑áirítear na gnéithe fisiciúla, meabhracha agus spioradálta di (agus é sin á chur i gcomparáid le hoideachas éiceashóisialta agus folláine an phláinéid, sa mhéid is go mbíonn idir sláinte na ndaoine agus sláinte an chomhshaoil san áireamh)
- Inoiriúnaitheacht (measarthacht, smaointe maidir le leordhóthanacht agus do dhearcadh ar fhreagracht a leathnú chun go mbeifear níos dírithe ar an éiceachóras seachas ar an duine)
- Foghlaim idirghlúine (eolas tábhachtach agus luachmhar a chur ar aghaidh ó ghlúin go glúin, caomhnú agus oiriúnú ár gcuid cleachtas cultúrtha agus comhshaoil, agus leanúnachas foriomlán maidir le cúram a thabhairt don phláinéad)
Chun míniú níos fearr a thabhairt ar an nasc idir na trí réimse seo (an t‑oideachas éiceashóisialta, Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe agus an fhoghlaim bhunathraitheach), tá alt ag Gníomhaireacht Náisiúnta Oideachais na Fionlainne (Vihreälehto, n.d.) ar shuíomh dá gcuid a bhaineann le Clár Oibre 2030. Tugtar faoi deara freisin go bhfuil inbhuanaitheacht chultúrtha tábhachtach freisin don inbhuanaitheacht éiceolaíoch: trí bhíthin na hoidhreachta ealaíne nó cultúrtha, is féidir aird a tharraingt ar fhadhbanna éiceolaíocha agus ar an tslí sin is féidir feasacht a mhúscailt ina leith. Tá moltaí ann chun na fadhbanna leanúnacha éiceolaíocha a réiteach, moltaí a fhágann nach mór do dhaoine a gcultúr a athrú, agus baineann sé seo le foghlaim bhunathraitheach (Vihreälehto, nd.).
Leabhareolas
Helsinki.fi. n.d. Kestävyyskasvatuksen materiaalipankki yleissivistävään opetukseen. Leathanach gréasáin. Faighte 10.6.2024. https://blogs.helsinki.fi/kestavyyspankki/ekososiaalinen-sivistys/
Laininen, E. (2019). Transformatiivinen oppiminen ekososiaalisen sivistymisen mahdollistajana. Ammattikasvatuksen aikakauskirja, 20(5), 16–38. https://journal.fi/akakk/article/view/84515
Salonen, A. O., & Brady, M. (2015). Ekososiaalinen sivistys herättää luottamusta tulevaisuuteen. Aikuiskasvatus, 35(1), 4–15. https://doi.org/10.33336/aik.9411
Vihreälehto, I. n.d. Mitä on kulttuurisesti kestävä kasvatus? Leathanach gréasáin. Faighte 12.6.2024 https://www.oph.fi/fi/opettajat-ja-kasvattajat/mita-kulttuurisesti-kestava-kasvatus